Scoil Muire agus Padraig


Go to content

Main menu:


Córas Nua i Measúnú na Gaeilge ó 2012 i Leith

Gaeilge

Córas Nua i Measúnú na Gaeilge ó 2012 i Leith

Méadófar na marcanna don bhéaltriail ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal i scrúdú na hArdteistiméireachta ó 25% go dtí 40%. Laghdófar na marcanna don chluastuiscint go dtí 10% ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal araon agus bronnfar 50% de mhóriomlán na marcanna ar na páipéir scríofa.
Ag an mBonnleibhéal i scrúdú na hArdteistiméireachta, méadófar na marcanna don bhéaltriail Ghaeilge ó 25% go dtí 40%. Laghdófar na marcanna don chluastuiscint ó 30% go dtí 20%, agus bronnfar 40% de na marcanna ar an bpáipéar scríofa.
Maidir leis an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, méadófar na marcanna don bhéaltriail Ghaeilge ó 33% go dtí 40%. Laghdófar na marcanna don chluastuiscint ó 30% go dtí 25%, agus bronnfar 35% de na marcanna ar an bpáipéar scríofa. Sa chás go ndéanann scoláirí an bhéaltriail sa chéad bhliain dá gclár sa tsraith shinsearach dóibh, beidh feidhm leis na socraithe nua ar riar na marcanna le héifeacht ó 2011.
Beidh feidhm leis na hathraithe chomh maith sa Teastas Sóisearach mar a leanfaidh an bhéaltriail Ghaeilge mar scrúdú scoilbhunaithe roghnach. I gcás bhéaltriail an Teastais Shóisearaigh, déanfar na marcanna a dhúbailt ó 20% go dtí 40%. Laghdófar na marcanna don
chluastuiscint go dtí 10% agus bronnfar 50% de na marcanna ar an bpáipéar/na páipéir scríofa.
Sa chás nach reáchtáltar béaltriail ar bith, bronnfar na marcanna ar bhonn an pháipéir/na bpáipéar scríofa agus na cluastuisceana amháin.
Tiocfaidh an scéim mharcála nua i bhfeidhm do scoláirí a bheidh ag clárú sa chéad bhliain in oideachas dara leibhéal i mí Mheán Fómhair 2007 agus beidh feidhm leis dóibh siúd a dhéanfaidh scrúdú an Teastais Shóisearaigh ó 2010 amach, agus dóibh siúd a dhéanfaidh scrúdú na hArdteistiméireachta ó 2012 amach.
An aidhm atá leis an méadú ar na marcanna sa mheasúnú ar an mbéaltriail ná athrú béime suntasach i leith na Gaeilge mar theanga labhartha a chur chun cinn, a chuirfidh ar chumas na scoláirí cumarsáid agus caidreamh a dhéanamh astu féin agus faoina mbeidh an Ghaeilge á labhairt gach lá i scoileanna. Ceapadh an méadú ar na marcanna don bhéaltriail roghnach mar chuid de scrúdú an Teastais Shóisearaigh ó 20% go dtí 40% ó 2010 amach mar spreagadh do bhreis scoileanna an rogha seo a chur ar fáil. Á chur san áireamh a thábhachtaí is atá cumas labhartha i bhfoghlaim teanga, tá na scoileanna ar fad á spreagadh chun leas a bhaint as an rogha seo sa Teastas Sóisearach. Tá na sonraí maidir leis na socraithe reatha don bhéaltriail roghnach sa Teastas Sóisearach le fáil ag www.examinations.ie

Home Page | Opening dates and information | About us | Book List 2011/12 | Curriculum | Policies | Calendar | Transition Year | LCA | PLC | Pastoral Care | Sport | Gaeilge | Pioneers | Music | ASD UNIT | Achievements | Extra Curricular | Site Map


Back to content | Back to main menu